Comhairle – Committee logo

Comhaltaí

Maeve Conrick

Tá an tOllamh Maeve Conrick ina Príomh-Oifigeach ar Choláiste na nEalaíon agus an Léinn Cheiltigh sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. I measc a réimsí taighde tá Teangeolaíocht na Fraincise agus an Bhéarla, an tSochtheangeolaíocht, Polasaí Teanga agus Pleanáil Teanga, Léann Cheanada agus Léann Québec. Tá mórán foilseachán aici sna réimsí sin i dtéarmaí leabhar, alt in irisí agus caibidlí i leabhair. Faoi láthair, is í an tOllamh Conrick Uachtarán an Chomhlachais do Léann Cheanada in Éirinn, Cathaoirleach Acadamh Ríoga na Éireann do Nuatheangacha, Léann Liteartha agus Léann Cultúrtha agus Leas-Chathaoirleach ar an Údarás um Ard-Oideachas. Tá sí freisin ina Stiúrthóir ar Fhondúireacht Ollscoil Éire-Cheanada agus ar an Association internationale des études québécoises (AIEQ). In 2009, cheap Teach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe í ina Comhairleoir Speisialta ar Pholasaí Teanga. Bhronn Rialtas Québec an Prix du Québec uirthi mar chomhartha aitheantais ar a bhfuil déanta aici ar son Léann Québec.

Máire Ní Annracháin

Ina hOllamh le Nua-Ghaeilge in UCD ó 2009. Tá spéis aici sa teoiric liteartha agus i nualitríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban araon. Ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain a bunaíodh a tráchtas dochtúireachta, a foilsíodh faoin teideal Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain. Tá os cionn dhá scór alt acadúil scríofa aici agus roinnt imleabhar curtha in eagar aici féin nó I gcomhar le comheagarthóirí. Baineann na hailt is deireanaí léi le leanúnachas an traidisiúin liteartha agus le saothar cuid de scríbhneoirí móra na Gaeilge. Chaith sí sé bliana ina cathaoirleach ar Glór na nGael agus faoi láthair is ball í de choiste stiúrtha Sabhal Mòr Ostaig in Albain.

Ríonach uí Ógáin

Tá Ríonach uí Ógáin ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is in amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge is mó atá a spéis. Tá ábhar foilsithe aici agus léachtaí tugtha go minic aici i réimsí eile i léann an bhéaloidis. D’fhoilsigh sí na dlúthdhioscaí Beauty an Oileáin: Music and Song of the Blasket Islands agus Amhráin Shorcha Ní Ghuairim i measc foilseachán eile. Is í an t-eagarthóir ar an iris Béaloideas iris an Chumainn le Béaloideas Éireann. Is é an foilseachán is deireanaí uaithi Going to the Well For Water: The Field Diary of Séamus Ennis 1942-1946.

Seán Ó Coileáin

Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Ollamh le Léann Éireannach/Léann na Gaeilge in Ollscoil Harvard tráth.

Tar éis dó an bhunchéim agus céim an mháistir a bhaint i gCorcaigh, ghnóthaigh Staidéaracht Taistil Ollscoil na hÉireann agus chláraigh in Ollscoil Harvard sa bhliain 1968. Bhí de sheans leis an tOllamh John V. Kelleher a bheith mar mháistir agus mar oide múinte i stair agus i litríocht na hÉireann ansan aige agus an tOllamh Albert B. Lord mar cheann comhairle aige mar le gach ar bhain leis an gcumadóireacht bhéil.

Chuaigh a dteagsasc agus a sampla siúd i gcion go mór ar a shaothar féin ar ball, gach aon ní ón léamh aige ar a ngabhann de litríocht agus de sheanchas le Guaire (ábhar an tráchtais dochtúireachta thall aige) go dtí Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Fear eile gur mhór aige a phearsa agus a éirim agus gur deineadh dlúthchara de in imeacht na haimsire ab ea Seán Ó Ríordáin; rug an leabhar aige ar shaol agus ar shaothar an Ríordánaigh an phríomhdhuais liteartha a mhaoinigh an Foras Cultúrtha Gael -Mheirceánach sa bhliain 1984. I measc nithe eile go bhfuil spéis leanúnach aige iontu tá litríocht an Bhlascaoid agus chóirigh eagrán nua de An tOileánach (Cló Talbóid, 2001).

É ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann le blianta fada agus páirt glactha aige i gcúis na Gaeilge ar chlár na meánscoile a phlé; ina Chathaoirleach ar Ghaelachas Teoranta a fhéachann i ndiaidh imeachtaí Choláiste an Phiarsaigh agus Scoil na nÓg, Gleann Maghair, Contae Chorcaí.

Anraí ó Braonáin

Bhí sé ina Chartlannaí agus ina Chláraitheoir Cúnta ag Coimisiún Béaloideas Éireann ó 1959 go 1968. Bhí sé ina Rúnaí Cúnta ag Údarás RTÉ agus ina dhiaidh sin ina Bhainisteoir ar Scéim Aoisliúntais RTÉ ó 1968 go dtí 1991. Ball de choiste an Chumainn le Béaloideas Éireann a bhí ann ó 1962, agus ceapadh ina Uachtarán ar an gCumann é i 1987. Pátrún é ar Léachtaí Cholm Cille, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Bhí sé ina Chléireach Comhghairme, Ollscoil na hÉireann sna 1960idí agus 1970idí. Is comhalta de Chomhairle Bhéaloideas Éireann é le breis agus fiche bliain.

Michael Gibbons

Seandálaí i gcleachtas príobháideach é Michael Gibbons. Tá sé ina stiúrthóir ar chuideachta turasóireacht oidhreachta a leagann béim ar thurasóireacht acadúil, chultúrtha go Gleann na Bóinne agus Iarthar na hÉireann. Glacann sé páirt i gcomhdhálacha seandálaíochta agus staire. Tá stiúrthóireacht déanta aige ar shuirbhéanna agus tochailtí. Tugann sé léachtaí do chumainn seandálaíochta agus staire áitiúla agus glacann páirt i gcláir raidió ar chúrsaí seandálaíochta agus muirí. Tá spéis faoi leith aige i láthair na huaire i gcúrsaí ardtailte agus oileán, go háirithe maidir le traidisiún oilithreachta muirí.

Diarmuid Ó Giolláin

Tá Diarmuid Ó Giolláin ina Ollamh i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, ina Ollamh Comhreathach i Roinn na hAntraipeolaíochta agus ina Chomhalta de chuid Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach in Ollscoil Notre Dame. Chaith sé blianta fada ag obair i Roinn an Bhéaloidis i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Is é údar Locating Irish Folklore: Tradition, Modernity, Identity, a bhuaigh an Katherine Briggs Folklore Prize sa bhliain 2000. Scríobh sé An Dúchas agus an Domhan, agus mórán aistí. Le déanaí bhí sé ina aoi-eagarthóir ar Irlande: Après Arensberg et Ó Duilearga, eagrán speisialta d’Ethnologie française ar Éirinn, agus ina chomh-eagarthóir ar Léann an Dúchais: Aistí in Ómós do Ghearóid Ó Crualaoich. Is spéis leis stair intleachtúil léann an bhéaloidis agus an creideamh tíre mar ábhar taighde. 





Ciara Leonard

Tá Ciara Leonard ag dul do ghníomhaíochtaí maidir le haistriú eolais teicneolaíochta ó 2001 i leith sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn, ag obair den chuid is mó i bhforbairt mac-chuideachtaí ollscoile agus i bhfiontair óga teicneolaíochta. Faoi láthair tá sí ina Bainisteoir Togra, sa Nuálaíocht in Oifig an Leas-Uachtaráin don Nuálaíocht, sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Roimhe seo bhí sé ina Bainisteoir Togra, Forbairt Fiontraíochta i gCOBÁC; ina hanailíseoir margaidh ag UUTech Teo, Ollscoil Uladh; agus ina Bainisteoir Clár leis an Northern Ireland Technology and Development Centre atá lonnaithe in Boston. Chuir sí críoch lena staidéar fochéime in Ollscoil na Ríona agus lena staidéar iarchéime ag Ollscoil John Hopkins. Rinne sí PhD in Ollscoil na Ríona.

Ruairí Ó Cuív

Coimeádaí neamhspleách agus comhairleoir ealaíon é Ruairí Ó Cuív. Tá sé ina Bhainisteoir Ealaíon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 2008, i mbun an chéad Chlár Ealaíon Poiblí de chuid na Cathrach a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Choimisiúnaigh sé saothar d’Údarás Aerphort Bhaile Átha Cliath, don Fheidhmeannas Seirbhísí Sláinte, don Roinn Oideachais agus Scileanna, d'forais oideachais agus do Chomhairle Contae Chiarraí. D’oibrigh sé go dlúth le cuid mhór ailtirí,i bhforbairt ar Dhánlann agus ar Stiúideonna Bharra an Teampaill san áireamh agus Lárionad Ealaíne Rua Red i dTamhlacht. Bhí sé roimhe sin ina stiúrthóir ar Dhánlann agus ar Stiúideonna Bharra an Teampaill, ina choimeádaí taispeántas ag Dánlann Dhughlas de hÍde agus Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Sa mbliain 1982 rinne sé comhbhunú ar an gcéad chuideachta Éireannach le healaín a shuiteáil agus a iompar. Ba léachtóir i Stair na hEalaíne é i dtosach a shaoil gairmiúil. Tá cuid mhór foilsithe aige.

Francis Devine

Rugadh Francis Devine i Londain agus fuair sé a chuid oideachais i Leeds, Hull agus i mBaile Átha Cliath. Is é an tUachtarán Oinigh é ar Chumann Staire Lucht Saothar na hÉireann agus an t-eagarthóir ar Saothar. Is ball é de Ghrúpa Comhairleach an Rialtais do Chuimhneacháin Chéad Bliain. Is ball é d'Fheidhmeannas Cheardchumann Ceoltóirí Éireann. Is iontaobhaí é don Working Class Movement Library, Salford. Ar a chuid foilseacháin tá Acting for the Actors: Dermot Doolan and the Organisation of Irish Actors, James Connolly Labour College, 1919-1921, Organising History, A Centenary of SIPTU, History of the Medical Laboratory Scientists’ Association, dhá chnuasach filíochta, agus, in éineacht le Manus O’Riordan, James Connolly, Liberty Hall and the 1916 Rising, le Fintan Lane and Niamh Puirséil, Essays in Irish Labour History, agus le James Curry, The Irish Worker Christmas Number, 1912. Is ball é de Chiorcal Ceoil Bheann Éadair.

Ed Penrose

Feidhmeannach síochána é Ed Penrose a bhfuil dlúthbhaint aige le Cumann Staire Lucht Saothair na hÉireann. Tá sé ina Stiúrthóir ar Watchword, comhlucht foilsitheoireachta a chuir daoine ar bun ar spéis leo agus a bhfuil baint acu le gluaiseacht lucht Saothair na hÉireann sa gcomhthéacs leathan. Tá sé ina chisteoir brainse ar cheardchumann IMPACT agus tá sé ina Stiúrthóir agus ina Chisteoir ar Sheirbhísí Pobail Dhumhach Thrá, an Bhaile Ghaelaigh agus na Rinne ó 1975. Bhí ceapacháin éagsúla aige le Community Alliance of Lower Crumlin.