Comhairle – Committee logo

Tá foilseacháin uile Chomhairle Bhéaloideas Éireann ar fail ó Siopa Nua

Foilseacháin

The Otherworld

Music & Song from Irish Tradition

Ríonach uí Ógáin & Tom Sherlock, editors

Belief in the existence of a parallel world and in otherworldly phenomena has long been established in Irish tradition and facets of such belief continue to be found in contemporary Irish society.

This book, with two accompanying compact discs, examines aspects of the enduring belief and fascination which the Irish imagination has with supernatural beings, encounters and occurrences as represented in song and music. The material contained in this publication which includes recorded sound, photographs and manuscript transcriptions is drawn from National Folklore Collection/Cnuasach Bhéaloideas Éireann in University College Dublin. It is edited by Ríonach uí Ógáin and Tom Sherlock and published by Comhairle Bhéaloideas Éireann.

A number of illuminating aspects of popular tradition are addressed such as the connection between the supernatural and excellence in the performance of music and song, the dangers inherent in engaging with the fairies, the fear of abduction or loss, benign supernatural encounters, the existence of otherworldly creatures such as the banshee or the leprechaun and the physical landscape as perceived in inherited oral knowledge. There are encounters that reflect the blending of Christian and non-Christian ideas. This is a book for both the general reader and scholars of folklore.

The inclusion of contemporary performers alongside older archival material is testament to the fact that the National Folklore Collection continues to grow and remains the most important repository of Irish vernacular culture.

The songs, music and lore contained in this publication are the foundation stone upon which the book rests and this material reflects the circumstances, hopes, anxieties, fears, beliefs, modes of entertainment and sometimes the sense of mischief of Irish people, both urban and rural. The selected examples are illustrated with numerous black and white photographs many of them taken by the original collectors. There can be little doubt that the full spectrum of human experience is better comprehended with an understanding of traditional lore and belief. The Otherworld: Music & Song from Irish Tradition addresses an important aspect of that human experience and seeks to encourage just such an engagement.

Prof. Ríonach uí Ógáin is Director of the National Folklore Collection/Cnuasach Bhéaloideas Éireann, University College Dublin. She has published numerous articles on traditional song and music and has lectured widely on the subject.

Tom Sherlock is a music business manager and consultant with wide experience in the promotion of traditional music. He has worked as a production manager with Claddagh Records, an artist manager and agent, a promoter and producer, a festival programmer and as a writer and commentator on Irish music and culture.

Ceannaigh

160pp; ills. November 2012
ISBN: 978-0-9565628-3-8 Catalogue Price: €22.50

All in! All in!: A selection of Dublin children's traditional street-games with rhymes and music

Scríbhinní Béaloidis / Folklore Studies 2 Eilís Brady

Tá tábhacht ar leith le cluichí tradisiúnta na bpáistí sa ghnáthshaol i dtír ar bith. Cuideoidh an leabhar seo le tuismitheoirí agus le lucht oideachais a thuiscint go mbíonn páistí an-sona nuair a thugtar deis dóibh a samhlaíocht féin a úsáid agus a gcuid caitheamh aimsire féin a chruthú, fiú amháin in áit a bhfuil teora spáis léi. Léirítear ann go bhfuil bláth i gcónaí ar chluichí agus ar rannta traidisiúnta sráide agus an chaoi a ndéanann páistí traidisiúin a chur in oiriúint do thimpeallacht nua-aimseartha. B’fhéidir go spreagfaidh sé daoine eile le bailiúcháin den chineál céanna a dhéanamh ina gceantar féin, sa chathair agus faoin tír.

Bhí Eilís Brady (1927-2007) ar fhoireann eagarthóireachta Rannóg na bhFoilseachán ag an Roinn Oideachais. Thug sí cnuasach luachmhar de bhéaloideas na bpáistí do Roinn Bhéaloideas Éireann, mar a bhí, COBÁC. Tá an t-ábhar seo anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Chuidigh a teagmháil leanúnach le Conamara ó bhí sí ina páiste lena tuiscint ar an gcosúlacht idir nósanna traidisiúnta maille le dearcadh sóisialta mhuintir na Gaeltachta agus mhuintir Bhaile Átha Cliath. Chuidigh seo lena tuiscint ar an tábhacht agus ar an bpráinn a bhain le seanchas agus caint mhuintir Bhaile Átha Cliath a bhailiú.

Ceannaigh

Clúdach Bog 196lch; léaráidí 1975; 1984
ISBN: 978-0-901120-85-4 Praghas Catalóige: €8.95

Eochair Mac Rí in Éirinn

Eochair, a king's son in Ireland (Scríbhinní Béaloidis / Folklore Studies 9) Éamon a Búrc

Arna insint ag Éamon a Búrc, bailithe ag Liam Mac Coisdeala; curtha in eagar agus aistrithe ag Caoimhín Ó Nualláin.

I mbéaloideas na hÉireann maireann an ghaiscíocht go háirithe sa scéal fada gaisce. B’éigean don scéalaí an cheird a bheith ar a thoil aige agus dearcadh ar an saol mar a dhéanfadh gaiscíoch. Is maith a thuigfeadh sé an comhrá san Agallamh idir Pádraig agus Caoilte: ‘Céard a choimeád sibhse mar sin,’ ar Pádraig ‘in bhur mbeathaidh? Agus d’fhreagair Caoilte: ‘Fírinne inár gcroíthe agus neart inár lámhaibh agus comhall inár dteangthaibh.’

Is é Eochair, Mac Rí in Éirinn an scéal gaisce is faide a scríobhadh síos i nGaeilge ó insint bhéil. Cuirfidh an léitheoir spéis ní hé amháin sa scéal féin ach sa mhodh inste, go háirithe sna píosaí sin a théann ó scéal go scéal, atá ina gcuid nádúrtha ní hé amháin den scéal seo ach de gach scéal gaisce de chuid an scéalaí. Ba é Éamon a Búrc an fear inste. Bhí cónaí air in Aill na Brón gar do Chill Chiaráin agus fuair sé bás sa bhliain 1942

Ceannaigh

Clúdach crua 180lch. 1982
ISBN: 978-0-906426-08-1 Praghas Catalóige: €25.00

Meitheal: a study of co-operative labour in rural Ireland

Scríbhinní Béaloidis / Folklore Studies 7 Anne O'Dowd

Sean-chleachtas in Éirinn é an comhoibriú in obair thalmhaíochta. Tá tagairtí fánacha don chleachtas i bhfoinsí foilsithe ó aimsir an Fhéineachais i leith, agus tá cuid mhór tagairtí i dtuairiscí oifigiúla agus i ndoiciméid oifigiúla eile ón 19ú aois do dhaoine ag cabhrú le chéile in obair a bhaineann le cúrsaí talún.

Is beag, áfach, atá i gcló faoina thábhacht sóisialta agus eacnamaíochta i saol mhuintir na tuaithe féin. Is le hábhar a tógadh díreach ón traidisiún féin is féidir an bhearna seo inár gcuid eolais faoin ngné rí-spéisiúil seo i saol na hÉireann a líonadh. Sa suirbhé seo ar an ábhar traidisiúnta, cuireann an t-údar pictiúr i bhfad níos iomláine agus níos soiléire ar fáil ná mar a bheadh le fáil ó ábhar clóite amháin.

Ceannaigh

Clúdach crua 182lch; léaráidí 1981
ISBN: 978-0-906426-06-7 Praghas Catalóige: €20.00

Seanachas Amhlaoibh í Luínse

Scríbhinní Béaloidis 5
Seán Ó Cróinín (a thóg síos) & Donncha Ó Cróinín (a chuir in eagar)

Sa bhliain 1971 d’fhoilsigh an Cumann le Béaloideas Éireann Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse, leabhar ina bhfuil sé cinn déag is daichead de scéalta idirnáisiúnta a thóg Seán Ó Cróinín síos ó ríscéalaí Mhuscraí sna blianta 1943-4. B’shin timpeall leath an méid ábhair a tógadh síos an uair sin I dtréimhse oct mhí, agus is é fuílleach an chomhshaothair sin atá curtha ar fail anois sa leabhar seo.

Cé gurb í an scéalaíocht is mó a thuill clú d’Amhlaoibh Ó Luínse, is beag má bhí aon ghné de shaol ná de bhéaloideas a dhúiche nach raibh a chuid féin déanta aige de. Bíodh a fhianaise sin ar an leabhar seo, mar a bhruil móreolas, léirinsint agus snastacht chainte fite ina chéile ar áilleacht.

Ach ba chuma cad air a mbeadh Amhlaoibh ag trácht, dá mba téarmaíocht nó talmhaíocht féin é, ní ligfeadh féith na scéalaíochta dó gan eachtra bheag thagrach a tharraingt chuige mar mhaisiú air, agus dá chomhartha sin tá breis agus 180 scéal, idir fada agus gairid, le fail tríd an seanchas seo.

D’ainneoin na scéalaíochta, áfach, is beag roinn de Láimhleabhar Béaloideasa Sheáin Uí Shúilleabháin nach bhfuil cuimsithe ar shlí nó ar shlí eile sa chnuasach seo. I gcás na roinne úd Litríocht na nDaoine, bhí an t-ábhar chomh flúirseach gurbh éigean baibidlí iontu féin a dhéanamh de chuid de na fo-ranna ann.

‘Beidh ionadh orm mura mbíonn sé nia shamhlaoid chaighdeánach feasta ar chanúint na dúiche iomráití sin’, a dúirt léirmheastóir mar gheall ar an Scéalaíocht. Tá samhlaoid ar a dhúbailt anois ann leis an Seanachas seo.

‘Leabhar uasal béaloidis’ a thug léirmheastóir eile ar an gcéad leabhar. Tá chomhuaisleacht de leabhar sa leathchúpla seo, agus beidh an dá cheann feasta ina dhá lia os leacht na beirte a chuir ar fail lena ndúthracht dúinn iad: Amhlaoibh Ó Luínse (1872-1947) agus Séan Ó Cróinín (1915-1965).

Is é Donncha Ó Cróinín, deartháir do Sheán, a dhein an eagarthóireacht anseo arís agus a scríobh na nótaí.

Ceannaigh

Clúdach crua 468pp; léaráidí 1980
ISBN: 978-0-906426-04-3 Praghas Catalóige: €35.00

Seanachas Phádraig Í Chrualaoi

Scríbhinní Béaloidis 10
Seán Ó Cróinín (a thóg síos) & Donncha Ó Cróinín (a chuir in eagar)

I mBaile Bhuirne a rugadh Pádraig Ó Crualaoi, sa bhliain 1861. I bparóiste Chill na Martra a tógadh a athair, Diarmaid (‘Táilliúir Chrodhail’), fear a raibh aithne mhaith aige ar Mháire Bhuí Ní Laoire agus ar Bháldingí Ghort an Imill. Táilliúir fileata aerach ab ea Diarmaid, agus bhair roinnt dá chuid véarsaí grin I gcuimhne an phobail go dtí ár lá féin.

Ní raibh Pádraig na trí bliana déag slán nuair a chaith sé bualadh amach le cois a athar ag obair ar an gceird, agus ba bhearr gur bhris an fhilíocht amach ann féin. As sin amach bhí sí ar an rud ba mhó ar fad aige. Go luath ina shaol, nuair a oir dó cur lena raibh d’fhoghlaim na scoile air, b’éigean dó bheith ag brath ar leabhair Bhéarla toisc nach raibh a mhalairt d’oiliúint air. Ach nuair a bunaíodh an Conradh sa bhliain 1893 mhúin sé léamh agus scríobh na Gaeilge dó féin, agus go dtí lá a bháis níor mhaolaigh ar a dhúthracht fileata ar son na teanga agus na tíre.

Bhuaigh sé m’orchuid duaiseanna ag an Oireachtas agus ar fheiseanna, agus ba bhairid gur chuir an saol Fódlach aithne air faoina ainm chleite, ‘Gaedheal na nGaedheal’. Bhí sé ina Uachtarán ar Dhámhscoil Mhuscraí ó bunaíodh í sa bhliain 1925 go dtí gur chuir an bás fiod air sa bhliain 1949.

An seanós déanaimh a chleacht sé ina chuid duanta, agus d’fhoilsigh sé dhá chnuasach díobh. Tá leabhar gairid beathaisnéise uaidh i gcló chomh maith.

Bhí Seán Ó Cróinín mar chomharsa béal dorais ag Pádraig ón mbliain 1942, agus an bhliain ina dhiaidh sin thóg s’e síos ábhar an leabhair seo uaidh. Tá ranna, liricí agus dánta eile ann n’ar chuir an t-údar ina chnuasaigh féin, mar aon le ranna fáin agus blúirí seanchais. Ach is é an rud is luachmhaire ann ná an tuairisc atá tugtha aige ar shaol agus ar shaothar na bhfilí a mhair i gCo. Chorcaí agus ni oirthear Chiarraí sa tréimhse 1700-1850. Tá an seansaol liteartha curtha chomh cruthanta os comhair ár súl aige nár dheacair a chreidiúint gur mhair sé tríd an ré sin go léir, agus ní mór ná gur chreid sé féin é. An radharc breá breise seo atá anois again ar an Hidden Ireland t’a de bhua ag baint leis gur duine de bhuín na héigse féin atá á thabhair dúinn.

Níl leabhar eile mar é seo ann, ní lú ná mar a bheidh; agus ní bheadh sé seo féin again mura mbeadh Coimisiúm Béaloideasa Éireann.

Ceannaigh

Clúdach Crua 278lch. 1982
ISBN: 978-0-906426-09-8 Praghas Catalóige: €35.00

Treasures of the National Folklore Collection/Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Críostóir Mac Cárthaigh, Séamas Ó Catháin, Ríonach uí Ógáin, Seosamh Watson, editors. With a foreword by Dr T.K. Whitaker

Is don tsúil den chuid is mó Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann/Treasures of the National Folklore Collection. Tá sé bunaithe ar na bailiúcháin éagsúla sa chartlann. Sé aiste déag atá sa leabhar, agus Brollach leis an Dr T.K. Whitaker. Léiríonn na haistí cuid de na seoda ar a bhfuil léaráidí, saothair ealaíne, trascríobh ceoil agus leabhair. Tugann an foilseachán deis athchuairt agus machnamh a dhéanamh ar an obair a rinne ceann de na forais ba nuálaí in iarthar na hEorpa, a bhí maoinithe ag an rialtas, le linn an chéad leath den fichiú aois nuair a bhí géarchéim eacnamaíochta ann.Is don tsúil den chuid is mó Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann/Treasures of the National Folklore Collection. Tá sé bunaithe ar na bailiúcháin éagsúla sa chartlann. Sé aiste déag atá sa leabhar, agus Brollach leis an Dr T.K. Whitaker. Léiríonn na haistí cuid de na seoda ar a bhfuil léaráidí, saothair ealaíne, trascríobh ceoil agus leabhair. Tugann an foilseachán deis athchuairt agus machnamh a dhéanamh ar an obair a rinne ceann de na forais ba nuálaí in iarthar na hEorpa, a bhí maoinithe ag an rialtas, le linn an chéad leath den fichiú aois nuair a bhí géarchéim eacnamaíochta ann.

Bailitheoir/cartlannaí ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é Críostóir Mac Cárthaigh, M.A. Tá cuid mhór foilsithe aige agus mórán léachtaí tugtha aige faoi ghnéithe éagsúla den bhéaloideas. Tá ailt scríofa aige faoi fhinscéalta taistil, faoin ailtireacht dhúchais agus faoin gcultúr ábhartha. Sa bhliain 2008 rinne sé eagarthóireacht ar an leabhar Traditional Boats of Ireland.

Chaith Séamas Ó Catháin tréimhse ag léachtóireacht in Ollscoil Uppsala sa tSualainn agus in Ollscoil na hÉireann Gaillimh sular ceapadh ina Chartlannaí é i Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ceapadh ina Ollamh le Béaloideas Éireann é mar chomharba ar an Oll. Bo Almqvist. Tá cáil ar leith ar a chuid foilseachán ar a bhfuil Uair a Chloig Cois Teallaigh, agus Scéalta Chois Cladaigh bunaithe ar obair pháirce a rinne sé féin. Ba é ba chionsiocair le cuid mhór scéimeanna a bhunú le béaloideas na hÉireann a bhailiú agus a scaipeadh.

Tá Ríonach uí Ogáin ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Is in amhráin na ndaoine i nGaeilge is mó atá a spéis. Bhí sí mbun an dlúthdhiosca agus nótaí Beauty an Oileáin: Music and Song of the Blasket Islands agus Amhráin Shorcha Ní Ghuairim a fhoilsiú. Rinne sí eagarthóireacht ar Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus ar dhialann Shéamuis Mhic Aonghusa le linn a thréimhse ag obair mar bhailitheoir lánaimseartha ceoil ag Coimisiún Béaloideasa Éireann.

Bhí Seosamh Watson ina Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath , 1998-2008, agus ina Dhéin ar Dhámh an Léinn Cheiltigh, 1996-2001. Tá obair pháirce déanta aige ar fud na hÉireann, in Inse Gall agus in oirthear Cheanada, agus tá cuid mhór foilsithe aige ar ghnéithe den Ghaeilge agus den Ghàidhilg. Tugtar cuntas ina leabhar, Saoghal Bana-mharaiche (2007) ar an saol agus ar thraidisiún i bpobal Gaelach iascaireachta sa bhfichiú aois. Bhí an tOllamh Watson ina chomhalta bunaidh den International Society for Dialectology and Geolinguistics i 1993 agus ó 1991 i leith tá sé ar bhord eagarthóireachta Atlas Linguarum Europae, togra ilimleabhair urraithe ag UNESCO lena bhfuil taifead canúna á dhéanamh ó gach teanga Eorpach.

Ceannaigh

Clúdach crua 250lch; c.100 léaráid. Os cionn 60 léaráid i ndath Samhain 2010
ISBN: 978-0-95656-280-7 Praghas Catalóige: €45.00


Sealbhú an Traidisiúin

Tugtar léargas faoi leith don léitheoir sa chnuasach aistí seo i nGaeilge ar choincheap an traidisiúin sa chiall is leithne maille leis an gcaoi ina ndéantar an traidisiún a shealbhú agus a athmhúnlú. Is éard atá sa leabhar dar teideal ‘Sealbhú an Traidisiúin’, páipéir a cuireadh i láthair an chéad uair ag comhdháil idirnáisiúnta lae ar dearnadh óstáil uirthi in An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, Bealtaine 2011.

Is iad na húdair: Ríonach uí Ógáin, Ciarán Ó Gealbháin, Méadhbh Nic an Airchinnigh, Róisín Nic Dhonncha, Diarmuid Ó Giolláin, Máire Ní Neachtain, Peadar Ó Ceannabháin, Lillis Ó Laoire agus Seán Ó Duinnshléibhe.

Buy Now

Clúdach Bog: 104pp. Feb 2013
ISBN: 978-0-9565628-4-5 Catalogue Catalóg: €15.00 Gréasán: € 13.50

Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn

Ciarán Ó Con Cheanainn

Tugtar léargas ar chuid den stór saibhir amhránaíochta i nGaeilge atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa bhfoilseachán seo maidir le barúntacht Mhaigh Cuilinn. Sa leabhar, cuirtear os cionn ceithre chéad teideal amhrán os comhair an léitheora agus sin gan leaganacha na n-amhrán a chur san áireamh. Den chuid is mó, ba iad bailitheoirí lánaimseartha, páirtaimseartha agus bailitheoirí eile de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann, a dtáinig Cnuasach Bhéaloideas Éireann mar chomharba air, a bhailigh an t-ábhar. Orthu sin, tá ainmneacha a bhfuil cáil orthu maidir le bailiú an bhéaloidis. Ina measc tá Ciarán Bairéad, Proinsias de Búrca, Séamus Mac Aonghusa, Calum Mac Gill-Eathain agus Brian Mac Lochlainn. Tá clár de na hamhráin as lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann curtha le chéile ag an údar. Díríonn na hamhráin ar gach uile ghné de chúrsaí an tsaoil – an grá, an brón, an moladh, an creideamh,an polaitíocht agus an greann. Sna hinnéacsanna áirítear teidil, céadlínte, ainmneacha dílse, amhránaithe, bailitheoirí, údair agus logainmneacha a bhfuil baint acu leis na hamhráin.

B'as Sáile Chuanna, An Spidéal, Ciarán Ó Con Cheanainn (1981-2009). Fonnadóir, scoláire agus múinteoir a bhí ann. Chuaigh fonnadóireacht Mhaire Pheter Uí Dhroighneáin agus Sarah Ghriallais i bhfeidhm go mór ar a chuid amhránaíochta féin. Bhí sé ar an té ab óige riamh a ghnóthaigh Corn Uí Riada ag comórtas an Oireachtais 2008. Rinne sé céim MLitt sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bunaithe ar amhráin a cheantair féin. Tá an leabhar Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn bunaithe ar an saothar sin. Bhí tráchtas dochtúireachta ar siúl aige agus é ag léachtóireacht le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, nuair a cailleadh é.

Ceannaigh

Clúdach crua 584 lch Bealtaine 2011
ISBN: 978-0-95656-281-4 Praghas Catalóige: €27.00

Binneas thar Meon I

Amhráin agus foinn a bhailigh Liam de Noraidh in oirthear na Mumhan. Curtha in eagar ag Dáithí Ó hÓgáin.

Bhailigh Liam de Noraidh cuid mhór amhrán agus fonn i gcúige Mumhan faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann idir 1940 agus 1947. Tá an t-ábhar a bhailigh sé sa taobh thoir den chúige, mar aon le nótaí fairsinge, foilsithe anseo in Imleabhar 1 den bhailiúchán sin. Díol spéise an leabhar seo ag scoláirí i réimsí an cheoil tíre, an bhéaloidis agus na Gaeilge, cuirfidh gach duine a bhfuil grá acu do cheol, amhráin agus traidisiún na hÉireann fáilte roimhe.

Ceannaigh

Clúdach crua 270lch. 1994.
ISBN: 978-0-90642-615-9 Praghas Catalóige: €31.50

Formation of a Folklorist

(Scríbhinní Béaloidis / Folklore Studies 18)
The visit of James Hamilton Delargy (Séamus Ó Duilearga) to Scandinavia, Finland, Estonia and Germany, 1 April - 29 September 1928
Séamas Ó Catháin

Is é Formation of a Folklorist an t-ochtú imleabhar déag a d’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann sa tsraith Scríbhinní Béaloidis / Folklore Studies. San imleabhar seo déantar rianú ar an bpróiseas as a dtáinig James Hamilton Delargy / Séamus Ó Duilearga (1899-1980), chun solais mar scoláire Éireannach óg a mbeadh bláth air, mar dhuine a raibh eolas praiticiúil aige ar ghnéithe den bhéaloideas. Duine le saineolas eiseachtúil ar an ábhar sin a bhí ann agus bhí sé freisin ina shaineolaí ar na modhanna agus na bealaí ab fheiliúnaí le taifead agus staidéar a dhéanamh do thodhchaí an bhéaloidis in Éirinn.

Baintear leas as dialann agus nótaí pearsanta, chomh maith le comhfhreagras le saineolaithe san ábhar, le comhairleoirí sa bhaile agus thar lear le rianú a dhéanamh ar fhorbairt Uí Dhuilearga ó mhac léinn ollscoile, léachtóir ollscoile, agus ón dea-bhailitheoir áitiúil a fhad leis an duine cáiliúil a bhí i mbun ceann de na bailiúcháin béaloidis is fearr ar domhan a bhunú.

De thoradh ar bhunú an Chumainn le Béaloideas Éireann i 1926 a bunaíodh Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930-1935) agus ina dhiaidh sin bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann a raibh rath iontach air (1935-1971). Bhí ról lárnach ag an Duileargach sna forais sin. Sa lá atá inniu ann tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ag leanacht leis an obair a tosaíodh an uair sin.

Ar feadh a shaoil, dhírigh an Duileargach é féin ar na haidhmeanna idéalaíocha a chomhlíonadh a bhí leagtha amach aige dó féin agus é ina fhear óg. Chomhlíon sé seo maidir leis na daoine a raibh muinín curtha acu ann. Is ó insint Uí Dhuilearga féin cuid mhór a chuirtear an scéal i láthair anseo faoin gcaoi ar leagadh bunchloch faoin éacht seo.

Céimí de chuid Ollscoil na Ríona é Séamas Ó Cáthain. Ina dhiaidh sin bhí sé ag teagasch in Ollscoile Uppsala agus i gColáiste Ollscoile na hÉireann Gaillimh (Ollscoil na hÉireann Gaillimh anois) sular ceapadh é ina chartlannaí ag Roinn Bhéaloideas Éireann (mar a bhí), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Claith i 1974. Bhí sé mar Dhéin ar Dhámh an Léinn Cheiltigh ag COBÁC ó 1990 go 1996, ina Cheann ar Roinn Bhéaloideas Éireann ina dhiaidh sin agus ansin ina Cheann ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta nuair a bunaíodh í i 2005. Tháing sé mar chomharba ar Bo Almqvist mar Ollamh le Béaloideas Éireann, COBÁC post a bhí ag Séamus Ó Duilearga i dtosach.

Ceannaigh

Clúdach crua 366lch; léaráidí. 2008
ISBN: 978-1-905254-28-6 Praghas Catalóige: €45.00

Scéalta Mháirtín Neile

Bailiúchán scéalta ó Árainn (Scríbhinní Béaloidis 17)
Holger Pedersen (a thóg síos sa bhliain 1895) & Ole Munch-Pedersen (a chóirigh agus a chuir in eagar)

Bailiúchán de 39 scéal a bailíodh in Árainn sa bhliain 1895 atá sa leabhar seo. Bhí béaloideas á bhailiú in Éirinn ag an am, ach bhí taithí ag bailitheoirí an ama dul ó dhuine go duine ar thóir na rudaí a bhí uathu. Chleacht bailitheoir an bhailiúcháin seo modh eile bailithe. D’fhan sé seo le haon fhaisnéiseoir amháin, nach mór, agus bhí sé ag iarraidh a stór béaloidis go léir a bhailiú uaidh. Modh bailithe nua-aimseartha ab ea an modh sin, agus modh nár chleacht béaloideasóirí na Gaeilge go dtí go dtáinig Séamus Ó Duilearga ar an bhfód i bhfichidí an chéid seo. Tá na leaganacha is luaithe a bailíodh riamh in Éirinn de scéalta áirithe le fail sa leabhar seo.

Ba é an teangeolaí Danmhargach mór le rá Holger Pedersen (1867-1953) a bhailigh na scéalta le linn dó a bheith in Árainn ag foghlaim na Gaeilge. Bhí Pedersen ina fhear ó gag an am, ach bhí sé chun cáil a bhaint amach dó féin gan mhoill lena chuid scríbhinní faoi na teangacha Ceilteacha agus faoi theangacha eile nach iad. Ba é an sárleabhar Vergleichende Grammatik der keltischen Sprachen. I-II (1909-13) an leabhar is tábhachtaí a scríobh sé. Bhí a fhios ag scoláirí na Gaeilge gur chaith Pedersen tamall in Árainn, ach níorbh fhios go raibh a chuid leabhar nótaí ón am le fail fós go dtí go dtáinig an t-eagarthóir orthu sa Leabharlann Ríoga i gCopenhagen.

Ba é Máirtín Neile Ó Conghaile (timpeall 1824-1904) as Baile na Creige, Inis Mór, Árainn, a d’aithris na scéalta do Phedersen i dteannta le hábhar eile b’ealoidis. Ba é Máirtín Neile an scéalaí ab fhearr a bhí in Árainn ag an am, agus maireann a chlú agus a chuimhne beo i measc mhuintir an oileáin fós. Casadh cuid mhaith scíbhneoirí ón am ar Mháirtín, agus d’fhá daoine cosúil le Jeremiah Curtin, Arthur Symons, John Millington Synge, agus Pádraig Mac Piarais cuntais scríofa faoi ina ndiadh. De thoradh na bhfoinsí seo go léir, is féidir a rá nach bhruil aon scéalaí Éireannach eile ón 19ú haois a bhruil an oiread céanna eolais le fail faoi agus at’a faoi mHáirtín Neile, ná ní aon scéalaí Éireannach eile ón am sin ar bailíodh an oiread céanna ábhair bhéaloidis uaidh.

Is é Ole Munch-Pedersen, MA (Béarla), an t-eagarthóir. Is mar gheall ar an tsuim a bhí aige i litríocht Bhéarla na hÉireann a thosaigh sé ar an nGaeilge a ghoghlaim. Tá ailt ar W.B. Yeats, ar an mb’ealoideas, ar stair an cheoil, srl. i gcló aige. Tá sé ag múineadh scoil go páirtaimseartha i gCopenhagen, agus t’a sé ag obair faoi láthair ar eagrán den chuid eile de leabhair nótaí Phedersen.

Ceannaigh

Clúdach Crua 412 lch. 1994
ISBN: 978-0-906426-17-3 Praghas Catalóige: €31.50

Seanachas ó Chairbre 1

Scríbhinní Béaloidis 13
Seán Ó Cróinín (a thóg síos) & Donncha Ó Cróinín (a chuir in eagar)


Ar Creig, láimh le Cuan Dor, a rugadh agus a tógadh Seán Ó hAo. In aon bhliain amháin (1861) a saolaíodh é féin agus Pádraig Ó Crualaoi, agus an saol-ré chéanna, geall leis, a fuair an bheirt; ach is mór a bhí eatarthu mar leis an saghas saoil a chaitheadar. Le ceird a athar a chuaigh gach duine acu: snáthad agus snáithín ag Pádraig; duán, drae (dorú) agus lion ag Seán. Saol seascair ag duine acu; saol suaite go leor ag an bhfear eile, mar i gcead do lucht rómánsaíochta, níor shaill gan fiacha an iascaireacht aimsir na maidí agus na seol. Cá haionadh go ndéarfadh an seaniascaire: ‘Níl éine chó breá saol leis an té aimsíonn a bhróga fén leabaig ar maidin!’

Ar an bhfarraige a chaith sé a shaol, agus formhór na haimsire bhí sé mar chaptaen ar logaeir iascaigh. Ní raibh aon chuid de chósta na tíre seo nárbh eolach dó, agus labhair sé Gaeilge le Connachtaigh agus le Conallaigh agus fiú amháin le seanduine in Óméith. Dhein sé a shlí i mBéarla idir a lán saghas náisiúnach ó Mhanainn go Ceann Tailimh Shasana.

Ní raibh líomatáiste ba líonmhaire Gaeilgeoirí tráth ná Cairbre, an bharúntacht is mó in Éirinn. Ach ó aimsir na Gorta d’imigh leaghadh chúr na habhann ar an teanga ann, agus níor mhair sí ach i gCléire amháin. Gaeilge ba ghnáththeanga fós I gcomharsanacht Chuan Dor in óige Sheáin. Ach bhí sí ag cúlú agus ag meath feadh na haimsire, agus féin am go raibh trí fichid bliain caite ar an muir aige is beag n’a go raibh sé ina Oisín d’éis na Féinne.

Nuair a chuaigh Seán Ó Cróinín go Cairbre i mí na Samhna, 1939, ní mór na Gaeilgeoirí d’aon liofacht a casadh air taobh amuigh de She’an Ó hAo. Ach ba bhre’a an teanga labhartha eisean thar ceann na muintire a bhí imithe. I dtréimhse naoi mí tógadh síos uaidh lán 1,500 leathanach de bhéaloideas mara agus tíre, mar aon lena chuntas féin ar chúrsaí a shaoil. Ba leonaitheach mar a ráinig an méid seo de chaint agus de bhéaloideas Chairbre a theacht slán ó bhéal na hua, óir mara mbeadh é ní mór eile dá dtuairisc a bheadh againn.

Ceannaigh

Clúdach crua 660lch. 1985
ISBN: 978-0-901120-90-8 Praghas Catalóige: €35.50

The Festival of Lughnasa

(Scríbhinn Béaloidis / Folklore Studies). A study of the survival of the Celtic festival of the beginning of harvest
Máire MacNeill

I measc ainmneacha eile tugtar ‘Garland Sunday’ agus Domhnach Chrom Dubh ar fhéile ar a ndéantar ceiliúradh ag muintir na tuaithe in Éirinn ag deireadh mhí Iúil nó ag tús Lúnasa. Ba chomhartha é go raibh deireadh leis an samhradh agus tús á chur le ráithe nua an fhómhair. Ar an lá sin a dhéantaí an chéad bhéile de bharra nua bia na bliana a ithe. Ba é an príomhnós go dtéadh an pobal áitiúil go barr airdí áirithe nó taobh le huisce agus go gcaithtí an lá le ceiliúradh, spóirt agus piocadh fraochán. Bhí an nós seo freisin i Manainn, i gCorn na Breataine, sa Bhreatain Bheag agus i dtuaisceart Shasana. Caithfidh go raibh sé forleathan sna tíortha Ceilteacha ar fad mar is cinnte gur iarsma de Lughnasa (Lugnasad) é, an fhéile Cheilteach a bhíodh á tionól ar an gcéad lá de Lúnasa.

Sa chur síos ar an gceiliúradh tagann cuid mhór eolais chun cinn maidir leis an seansaol tuaithe, agus dá réir sin, tá toise den stair shóisialta i gceist leis an staidéar. Anuas air sin, i ngeall ar gur choinnigh daoine finscéalta faoi bhunús na féile agus faoi na láithreacha tionóil, bhíothas in ann comhfhreagairt a léiriú leis an miotaseolaíocht ársa, faoi mar a chuirtear in iúl é i litríocht na hÉireann agus sna pearsana cultais sa Ghaill Rómhánach. Tugtar miotas ceannasach na féile chun solais.

Sa saothar, cuirtear lánléargas i láthair a bhfuil forleithne agus sonraí ag roinnt leis. Tugtar léargas ar Chrom Dubh agus léirítear gur i scéalta faoi Lugh atá bunús na bhfinscéalta faoi Chú Chulainn, faoi Phádraig, agus faoi Jack the Tinkard i gCorn na Breataine agus tugtar le tuiscint cén fáth ar ceanglaíodh iníon Jephthah leis an bhféile i Manainn. Caitear súil ar chultas Naomh Séamus, agus déantar léamh arís ar chath Mhaigh Tuireadh agus ar shága Étain. Taispeánann sé ceangal idir seantionól Tailtiu agus oilithreacht Chruach Phádraig. Pléitear Aonach an Phoic. Tugtar tréimhse ama ó Lugudunum i nGall sa chéad aois go Dún Lughaidh ag bun na hEaragaile i gcuntas. Tá pearsana ó mhiotaseolaíocht, ó naomhsheanchas agus ó stair na hÉireann, go flúirseach sa leabhar.

Bhí Máire MacNeill (1904-1987) ina mac léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ina céimí de chuid Ollscoil na hÉireann. Ó 1935 go 1949 bhí sí ar fhoireann Choimisiún Béaloideasa Éireann. Bhí sí ina comh-eagarthóir agus ina haistritheoir ar an leabhar Sí-Scéalta ó Thír Chonaill / Fairy legends from Donegal sa tsraith Scríbhinní Béaloidis / Folklore Studies ag Comhairle Bhéaloideas Éireann agus rinne aistriúchán ar Leabhar Sheáin í Chonaill – Seán O Conaill’s Book le Séamus Ó Duilearga sa tsraith chéanna.

Ceannaigh

Clúdach crua 710 lch; léaráidí 2008
ISBN: 978-0-906426-10-4 Praghas Catalóige: €45.00