Comhairle – Committee logo

Nuacht

Sgéalta Mhuintir Luinigh/Munterloney Folktales: Published in Autumn 2015

Stórchiste faoi leith é Sgéalta Mhuintir Luinigh de dhúchas Thír Eoghain ar a n-áirítear scéalta, finscéalta, amhráin, seanfhocail, tomhaiseanna, orthaí, sláintí agus cuntais ar imeachtaí na bhféilte traidisiúnta agus mórán nósanna eile.

Idir 1929 agus 1932 a bailíodh an mhórchuid dá bhfuil ann ó Eoin Ó Cianáin, fear tuaithe a rugadh ar an Chaisleán Glas agus a raibh cónaí air in aice láimhe ar an Chreagán. Ba é Éamonn Ó Tuathail, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, a chuir an méid sin ar taifead. Ó áiteanna eile i Muintir Luinigh ní ba luaithe sa 20ú haois a cnuasaíodh fuílleach an ábhair a foilsíodh. I measc na ndaoine a thóg síos an méid seo bhí an tAthair Conn Mhac an Ghirr [Cornelius Short], sagart cúnta in An Tearmann, Peadar Mhac Culadh, Gleann Aichle, agus Pilib de Bhaldraithe, arbh as Co Mhaigh Eo dó ó dhúchas.

I 1932 a chéadfhoilsigh Institiúid Bhéaloideas Éireann an saothar seo agus is uasphointe ar leith é i stair chultúrtha na Gaeilge i dTír Eoghain anois, 88 bliain ina dhiaidh sin, gur chinn Comhairle Bhéaloideas Éireann ar é a fhoilsiú arís. Tá curtha ar fáil sa bhreis san eagrán nua seo de Sgéalta Mhuintir Luinigh aistriúchán iomlán Béarla den téacs a rinne Seosamh Watson, iar-Ollamh na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), mar aon le réamhrá a scríobh Séamas Ó Catháin, iar-Ollamh Bhéaloideas Éireann agus iar-Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC), agus leasú úrnua ar na nótaí béaloidis leis an Dr Kelly Fitzgerald (COBÁC).

Tuar dóchais is ea é do Ghaeil Thír Eoghain an saothar seo a bheith ar fáil arís!

The Otherworld
Music & Song from Irish Tradition

Tá daoine ann a shéanfadh gur ann do thaibhsí agus do na sióga, agus daoine freisin a dhéanfadh gáire faoi chreidiúintí faoin mbean sí ach an bhfuil mórán ann a ghearrfadh síos an sceach gheal nó a scriosfadh lios gan a cheapadh go mbeadh toradh air? Fiafraíodh de dhuine eolasach le gairid ar chreid sé sna daoine maithe agus ba é an freagra a thug sé: 'Is dóigh nach gcreidim, ach tá siad ann mar sin féin.'

Is fada an chreidiúint i saol comhthreomhar agus i bhfeiniméin osnádúrtha bunaithe i dtraidisiún na hÉireann agus feictear gnéithe den chreidiúint seo sa saol comhaimseartha anseo i gcónaí.

Sa leabhar seo, in éineacht leis an dá dhlúthdhiosca, déantar scrúdú ar ghnéithe den chreidiúint leanúnach san osnádúr. Feictear go bhfuil an tsamhlaíocht Ghaelach gafa le neacha, le teagmháil agus le himeachtaí den chuid an tsaoil eile mar a chuirtear i láthair sa gceol agus san amhránaíocht iad. Is as Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an t-ábhar atá sa bhfoilseachán seo.

Dírítear aird ar ghnéithe den traidisiún pobail, mar shampla an ceangal a thagann i gceist maidir leis an osnádúr agus sárchaighdeán ceoil nó amhránaíochta, an chontúirt a bhaineann le nasca a chothú leis an lucht sí, faitíos faoi fhuadach nó faoi chailiúint, teagmhálacha osnádúrtha neamhurchóideacha, neacha osnádúrtha eile - mar shampla an bhean sí nó an leipreachán - agus an tírdhreach mar a bhraitear sa traidisiún béil é. Tagann teagmhálacha i gceist a léiríonn dul thar a chéile idir smaointe Críostaí agus neamh-Chríostaí.

Déanann na ceoltóirí, na hamhránaithe agus na cainteoirí ar na taifeadtaí seo ionadaíocht orthu sin atá imithe romhainn agus ar an aimsir láithreach. Cuirtear imthoscaí, dóchas, imní, faitíos, creidiúintí, caitheamh aimsire agus in amanna diabhlaíocht i dtimpeallacht cathrach agus tuaithe i láthair. Mar mhaisiúchán ar na samplaí tá grianghraif dubha agus bána, a thóg na bailitheoirí féin go minic. Tugtar an-léargas ar mhórán gnéithe den saol Éireannach sa bhfoilseachán seo.

Ríonach uí Ógáin ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá cuid mhór alt foilsithe aici faoin amhránaíocht agus faoin gceol traidisiúnta agus mórán léachtaí tugtha aici fúthu.

Bainisteoir gnó ceoil é Tom Sherlock agus comhairleoir a bhfuil an-taithi aige leis an gceol traidisiúnta a chur chun cinn. Bhí sé ina bhainisteoir tairgíochta le Ceirníní Cladaigh, ina bhainisteoir ealaíne agus ina ghníomhaire, ina thionscnóir agus ina léiritheoir, ina chláraitheoir féilte, ina scríbhneoir agus ina thuairisceoir ar an gceol agus ar an gcultúr Éireannach.

Clúdach bog 220lch; léaráidí. Samhain 2012 | ISBN: 978-0-9565628-3-8
Praghas Catalóige: €25.00 | Praghas Idirlín: €22.50

The Otherworld is available for purchase from Four Courts Press

 

Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann/Treasures of the National Folklore Collection launched on the 9th of December

Is don tsúil den chuid is mó Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann/Treasures of the National Folklore Collection. Tá sé bunaithe ar na bailiúcháin éagsúla sa chartlann. Sé aiste déag atá sa leabhar, agus Brollach leis an Dr T.K. Whitaker. Léiríonn na haistí cuid de na seoda ar a bhfuil léaráidí, saothair ealaíne, trascríobh ceoil agus leabhair. Tugann an foilseachán deis athchuairt agus machnamh a dhéanamh ar an obair a rinne ceann de na forais ba nuálaí in iarthar na hEorpa, a bhí maoinithe ag an rialtas, le linn an chéad leath den fichiú aois nuair a bhí géarchéim eacnamaíochta ann.

Bailitheoir/cartlannaí ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é Críostóir Mac Cárthaigh, M.A. Tá cuid mhór foilsithe aige agus mórán léachtaí tugtha aige faoi ghnéithe éagsúla de bhéaloideas. Tá ailt scríofa aige faoi fhinscéalta taistil, faoin ailtiureach dhúchais agus faoin gcultúr ábhartha. Sa bhliain 2008 rinne sé eagarthóireacht ar an leabhar Traditional Boats of Ireland.

Chaith Séamas Ó Catháin tréimhse ag léachtóireacht in Ollscoil Uppsala sa tSualainn agus in Ollscoil na hÉireann Gaillimh sular ceapadh ina Chartlannaí é i Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ceapadh ina Ollamh le Béaloideas Éireann é mar chomharba ar an Oll. Bo Almqvist. Tá cáil ar leith ar a chuid foilseachán ar a bhfuil Uair a Chloig Cois Teallaigh, agus Scéalta Chois Cladaigh bunaithe ar obair pháirce a rinne sé féin. Ba é ba chionsiocair le cuid mhór scéimeanna a bhunú le béaloideas na hÉireann a bhailiú agus a scaipeadh.

Tá Ríonach uí Ógáin ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Is in amhráin na ndaoine i nGaeilge is mó atá a spéis. Bhí sí mbun an dlúthdhiosca agus nótaí Beauty an Oileáin: Music and Song of the Blasket Islands agus Amhráin Shorcha Ní Ghuairim a fhoilsiú. Rinne sí eagarthóireacht ar Faoi Rothaí na Gréine: Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus ar dhialann Shéamuis Mhic Aonghusa le linn a thréimhse ag obair mar bhailitheoir lánaimseartha ceoil ag Coimisiún Béaloideasa Éireann.

Bhí Seosamh Watson ina Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath , 1998-2008, agus ina Dhéin ar Dhámh an Léinn Cheiltigh, 1996-2001. Tá obair pháirce déanta aige ar fud na hÉireann, in Inse Gall agus in oirthear Cheanada, agus tá cuid mhór foilsithe aige ar ghnéithe den Ghaeilge agus den Ghàidhilg. Tugtar cuntas ina leabhar, Saoghal Bana-mharaiche (2007) ar an saol agus ar thraidisiún i bpobal Gaelach iascaireachta san fhichiú aois. Bhí an tOllamh Watson ina chomhalta bunaidh den International Society for Dialectology and Geolinguistics i 1993 agus ó 1991 i leith tá sé ar bhord eagarthóireachta Atlas Linguarum Europae, togra ilimleabhair urraithe ag UNESCO lena bhfuil taifead canúna á dhéanamh ó gach teanga Eorpach.